ArcLink PDF Priontáil Ríomh-phost

Image

Is córas bogearra bainistíocht comhad é Arklink™ atá forbartha ag bainisteoirí taifeada proifisiúnta. Ritheann sé ar freastalaí SQL agus ceadaíonn sé rochtain d’ilúsáideoirí ag an am chéanna.

Tá áiseanna iomlán aicmiú agus tabhall comhad ag Arklink, chomh maith le gnéithe bainistíochta do stóráil comhad agus coinneáil agus diúscairt taifeada. De bharr a ghnéithe rianú comhad tá sé ar fheabhas chun gluaiseacht comhad i suíomh lárnach taifeada a rialú.

Is féidir Arclink a úsáid chun taifead leictreonach nó cruachóip a riaradh.

Coinneáil agus Diúscairt

Is féidir stádas comhaid agus tréithe coinneála a roghnú ag léibhéal sraithe an chomhad. Ligeann ábaltachta tuairiscíochta do riarathóirí liostaí a chruthú do comhaid ag feitheamh ar aicsean ( aistriú, diúscairt, srl) ar dáta faoi leith.

 

Stóráil

Ceadaíonn Arklink taifeadú do suíomh iomlán stórála, ó foirgnimh, tríd go úrlár, seomra, seilf, bosca, uimhir tarraiceán, srl. Ceadaíonn tuairiscí de réir suíomh do riarthóir inneachar a liostáil de réir bosca, uimhir seilf, caibinéad, srl. Tá áis ann chomh maith chun liostaí comhad a phriontáil de réir suíomh (e.g. liostaí boscaí)

Rianú Comhad

Is fédir faire ar an gluaiseacht de comhaid tríd áiseanna rianú comhad Arklink.

Is féidir le riarathóirí faire ar cén comhad atá ar iasacht ón lárionad taifeada ag aon am faoi Leith agus cén baill den foireann a thóg ar iasacht iad. Is fédir leis an riarathóir stair iasachta an foireann a fheiceáil chomh maith chun faire ar cén taifead atá úsáidte ag cén ball den foireann.

Brabhsáíl agus Cuardach

Is féidir comhad a aimsiú ar an córas tríd brabhsáil sna rannóg agus leibhéal éagsúla. Ligeann an feidhm Quicksearch duit eochairfhocail a chuardach. Is féidir le úsáideoirí scagadh síos go sraith comhad faoi leith chun an an cuardach a chaolú agus a tapú.

Leagan amach agus Dealramh

Ligeann an ghné paraiméadar córais do Rialathóirí roghnú cén limistéar sonraithe a thaispeáint agus i cén formáid. Is féidir limistéar sonraithe suíomh a chur i bhfolach muna bhfuil siad bainteach ar fáth ar bith. Is féidir teideal chomhad, cód tagartha, stádasm dátaí oscailte, srl a thaispeáint nó a chur i bhfolach, ag braith ar rogha an úsáideoir.

Iompórtáil Sonraí

Ligeann an áis iompórtáil sonraí duit sonraí a iompórtáil ó scarbhileoga agus bunachar sonraí atá agat cheanna féin, rud a cheadaíonn duit liostaí comhaid nó catalóga atá agat cheanna fhéin a chomhtháthú agus a líomhchóiriú.

Chun níos mó eolas a fháil nó taispeántas a eagrú, dean teagmháil le Arcline:

01 - 6290117
 
© Arcline 2006
by holisto based on a joomlashack template