Bainistí­ocht Taifeada
Seirbhísí PDF Priontáil Ríomh-phost

Ireland Records ManagementTá taithí gan samhail ag bainisteoraí taifeada Arcline i soláthair seirbhísí bainistíochta taifeada don earnáil phoiblí agus phríobháideach.

Tá ár seirbhísí díríthe ar pleanáil straitéiseach agus polasaíthe tionscnamh, tacaíocht ard-leibhéal agus aitheantas don tábhacht a bhaineann le bainistíocht taifeada in eagraíocht an cliant a chinntiú. Nasctar an modh seo le dlúth idirchaidreamh agus chomhoibriú le cruthaitheoirí taifeada agus úsáideoirí chun modhanna agus polasaíthe nua agus éifeachtach a thabhairt isteach.

Déanfaidh Arcline:

  • Suribhé agus meastúcháin ar na córais coimead taifeada áta in áit cheana féin i do eagraíocht
  • Moltaí mhionsonrithe faoi chur i bhfeidhm cleachtaí, polasíthe agus modhanna oibre feabhasaithe
  • Déanfaidh said straitéisí bainistíocht taifeada a aithint do d'eagraíocht agus déanfaidh said na eilimintí éagsúla don córas bainistíochta taifeada nua a thiomsú; scéimeanna aicmíthe, sceideal coinneáil agus diúscairt, gnáthamh clárúcháin agus ráitisí bainteach le polasaíthe ina measc
  • Traenáil foirne cuimsitheach a thabhairt atá deartha chuig do teastálacha sainiúl.
 
Caighdeán agus Reachtaíocht PDF Priontáil Ríomh-phost

Tá an tslí ina chruthaíonn agus a chothaíonn do eagraíocht taifeada clúdaithe ag réimse reachtaíocht atá ag fás de shíor.
Image

D’fhéadfadh an tAcht um Shaoráil Faisnéise nó an tAcht um Chartlann Náisiúnta chomh maith le reachtaíocht bainteach le earnáil faoi leith, ar nós an tAcht um Rialtais Áitiúil dul i bhfeidhm ar ghníomhaireachtaí san earnáil phoiblí.


An bhfuil eolas pearsanta agat faoi daoine i bhfoirm páípéar nó leictreonach? Má tá, an bhfuil tú eolach ar do dualgaisí ó thaobh an tAcht um Chosaint Sonraí.

An choimeadan tú taifeada i bhfoirm leictreonach nó an ndéanann tú scanáil ar taifeada páipéar agus an íomhá digiteach a choimead. Más ea, an bhfuil do taifeada leictreaonach inghlactha mar fianaise agus conas a feidhmíonn an tAcht um Thráchtáil Leictreonach i leith do thaifeada?

Tá liosta fada de riachtanaisí reachtaíochta a rialaíonn saghasanna taifeada ar leith – conas a choimeadtar iad, cén fhad gur gá iad a choimead, srl. Mar shampla, an bhfuil fhios agat cad a dheireann an tAcht um Eagrú Am Oibre faoi na saghanna taifeada gur gá do d’eagraíocht cruthú agus a choimead? Nó an tAcht um Théarmaí Fostaíochta (Eolas)? Chomh maith le sin leagann Acht na gCuideachtaí amach riachtainisí fairsing i leith coimead taifeada.

Is féidir le Arkline thú a threorú ó thaobh do chuid dualgaisí coimead taifeada agus straitéisí agus modhanna a chur i bhfeidhm chun cinntiú go bhfuil tú ag cloígh leo.

Chomhlíonann ár modheolaíochtaí, modhanna agus straitéisí le cleachtaí is fearr aithnithe sa réimse bainistíochta taifeada.

Chomhlíonann ár chuid moltaí ar fad le Caighdeáin Idirnáisiúnta Bainistíochta Taifeada, ISO 15489 agus leanannmuid na modhanna cur i bhfeidhm atá molta sa Chaighdeán.

Chomh maith le seo is féidir linn cliantaí a chomhairliú i dtaobh teastálacha comhlíonadh le caighdeáin eile, de réir mar is gá, na caighdeáin seo san áireamh:

BSI BIP 0008:2004 (Inghlacacht dlíthiúil agus ualach fianaisiúil d’fhianaise atá stórálta go leictreonach )

BSI PD 0010 (Prionsabail dea-chleachtais i gcóir Bainistíocht Eolas)

BS 7799 / ISO 27001 (Slándáil Eolas)

BS 5454 (Stóráil agus Taispeántas do Doiciméidí Chartlainne).

Chomh maith le seo tairiscíonnmuid comhairle ar caighdeáin agus cleachtaí is fearr ó thoabh coimead taifeada de a bhaineann le earnáil sainiúil, ar nós oideachas, cúram leanaí, seirbhísí leighis, seirbhísí airgeadais agus níos mó.

 
© Arcline 2006
by holisto based on a joomlashack template